School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
![The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 311](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_311.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 311
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 311
- XML “An Cheárta Cheantair”
- XML “Táilliúirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eile. Bhuail sé go tréan le ceapórd é. Chuir sé sa teine aríst é agus thóg sé amach é nuair a bhí sí te. Chuir sé ar shoc na hinneona é agus lúb sé i gcosamhlacht crútha. Chuir sé puill bheaga ann i gcóir tairngní agus bhí an obair sin go léir déanta aige i gceann cúpla noiméat. Ní dheineann an gabha aon obair amuigh fen aer ach amháin nuair a bhíonn á deis-iú rotha cairte - bíonn air é sin a dhéanamh taobh amuigh den doras. I rith an gheimhridh bailigheann go leor daoine isteach sa cheardchain agus is ann a chaitheann siad an oidhche a' cainnte is a' comhrádh is ag innseacht sgéalta.
Fuaireas é sin ó m'athair - Aodh Mac Siordan,
An Charraig,
Gleann-Gaibleann - Fadó ní raibh táilliúirí san áit seo ach thagadh daoine ó áiteanna eile ag déanamh culaith éadaigh ins na tiththe chun slighe bheatha a bhaint amach dóibh féin. Fé láthair níl ach beirt nó triúr táilliúirí thart sa cheanntar seo. Seo ainmneacha na ndaoine sin - Tomás Mac Giolla Phadraig, Corrabha, Gleann-Gaibhleann, agus Tomás Ó Raghallaigh as Cuppenagh, Gleanngaibhleann. Bíonn alan sórt éadaigh ar stór i gcomhnuidhe aige i seomra beag agus aon duine go mbíonn culaith deas uaidh ní bhíonn le deánamh aige ach a rogha éadach dhíobh do thoghadh i gcóir na culaithe. Bíonn(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Pádraig Mac Samhráin
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan