Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 357
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo paidir a deirtear dá mbeadh tinneas ar dhuine agus níor theip air riamh fós an tinneas a chur chun ciubhal:-
"A Íosa Dhia Aoibhinn 's athair is a uain
A Chíonn sinn i gcuibhreach is i gceangal go cruaidh,
A Rígh Neimhe-dhíanta freagair mo dhuan
Sgaoil agus díbhir an graithin seo uaim."
Paidir eile a deirtear roimh dul a chodladh agus an té a déarfaidh é ní thiocfadh an tromluighe air ná ní raghadh a anam go h-Ifreann coidhche:-"An ad'codladh ataoí a mháthair,
Ag aisling ort-sa atáim a mhic,
Cadí an aisling í a mháthair,?
Go bhfeacha fear fada caol dubh an t'sleagh
'na láimh clé aige agus é ag dortadh do chuid fola a naomhtha,
Is fíor san a Mháthair."
Paidr eile:-
"A Íosa 's a naoimh Sprid 's a athair is a uain,
Thug fíor-fuil do thaoibh gil dár gceannach go cruaidh
Bí im' dhíon-sa, bí im' coídheacht, bí im' aire gac uair
Má's luighe dhom, m'ás suidhe dhom
Má's seasamh m'ás suan."- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann