Imleabhar: CBÉ 0189
- Dáta
- 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- Siné 'n áit a eirigheann abha an Airiglin. Nuair a bhí naoimh Machuda ag teacht treasna na sléibhte do shuidh se annsan agus d'fhéach sé siar ar airiglin aoibhinn fé rud a dubhairt sé tá sé scribte ar na chlochaibh ann.
Tá na flaganna le feiscint ann fós. - Áit an-thrim isteach an áit. Bheul nuair a chuidh an naomh sios do tháinig tart ar agus d'eirigh an Tobar chuige, agus tá sé le feiscint ann fós.
Féithgearra ainm na háite a bhfuil an tobar ann.
Chidtear breac ins a' dtobar ach ní hé gach aoinne a chídhdeadh é.
Ragadh ficheduine ag ól uisge as agus ní fheicidís é, agus doo chidhfeá-sa é, b'eidir. Duine éigin naomhtha a chidhfeadh é, nú duine(leanann ar an chéad leathanach eile)