Volume: CBÉ 0189
- Date
- 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)an tailimh. San aimsir sin bhí cuid mhór móna timcheall Baile na Sagart agus tá fós, ní dhóigheann siad ao'rud eile. Bheul, dhiolaidis cuid di (den mhóin) agus annsan nuair a bhídís ag teacht abhaile thugaidís ualaí (ualaigh) aoil leó ó Bhaile Dubh, agus ó Lios Mór. Bhí a chúig nú sé chinn de thurnóga timcheall Bhaile Dhu(i)bh duibh (Ballyduff) an uair sin.
Tuairm an ama san b'é Dr. Fogarty an sagart paróiste abhí i Lios Mór; agus bhí an-mheas aige ar na ferimeóirí mar bhí tighthe deasa aca, agubhí an-mheas aige ortha mar gheall ar an obair mhaith abhí séanta aca.
Dubhairt sé dhá mbeadh tigh sgoile aca gur mhór a' mhaith é; go n-imthróchadh na leanbhaí fí (idú í) agus dhá mbeadh fios aitheanta a gcreidimh aca gur mhór á tairbthe dhóibh é.
Labhair fear éigint abhí ag eisteacht leis agus agus dubhairt, go rabhadar siúráltha ná h-eiteóchadh an Cadhlach dó é dhá níaraidís(continues on next page)