Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)
- Dáta
- 1935–1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)contabhairt ann. Níor mhór dóibh an-sgóp bheith acab, go leor téad. Bhéadh fear le tuagh amuigh i gceann a' bháid, faitchíos go ndéanfhadh sé an iomarca siubhail, go dtiubhradh sé an bád faoi pholl (phabhll) orthab."
- Na míolta móra
"Chaithidis sleagh leób, agus sgaoileadh siad an téad agus an tsleagh, agus buaidh leis agus ainm an soitheach [sīc] air. Gibé dhíoladh é, gheobhadh sé ceathramhadh shábhála." - Ceathramhadh Shábhála
"Dá bhfuigheadh duine reac - sail mhór - gheobhadh sé an ceathramhadh cuid - ceathramhadh shabhála." - Líomhán gréine
"Bíonn bolg geal aige, chomh geal leis a' gcailc. Feiceann tú é idir dhá uisge - cheapfhá go mbéadh sé caillte. Bíonn sé i n-a laighe thuas i n-a chodladh"
(An Chloch Mhór)
[cf. "Ar Aghaidh", Bealtaine, 1937, "I nGarraidhe an Iasgaire"]