Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)
- Dáta
- 1935–1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ná tabhair ainm Dé gan fáth,
Coinni' an tsaoire mar is cóir,
Tabhair dho t'athair agus dho do mháthair onóir.
Ná déan marbhadh, goid na drúis,
Ná fiadnuise bréige i n-aon chúis,
Ná sanntuigh bean nach leat fhéin,
Clann duine eile ná a áirnéis."
Teagasg Críosdaidhe, sa séipéal. Mhúnadh daoine tíre é.
[Teach Phádhraic Uí Chonfhaola, An Chloch Mhór.] - Seán MacÉil
"Sean-duine, bhí an tEasbog MacÉil dhá sháinniú faoi Theagasg Críosdaidhe. Nuair a fuair sé deis cainnte, 'Is droch-mhúinte an stolcáinín é', adeir sé." - Iolrach
"Tá sé i n-a sgéal gur sgiob iolrach páiste, uair, thuas i Magh Cuilinn, agus rug sé suas i mbárr a' chaisleáin é. Nuair chuaidh sé go dtí é, bhí leath-shúil bainte as. Fear dho mhuinntir Chadhain a bhí ann".
[Teach Phádhraic Uí Chonfhaola, An Chloch Mhór] - Loch an Iolra.
"an áit a bhfuil Costigan"
[Teach Phádhraic Uí Chonfhaola, An Chloch Mhór]