Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)

Dáta
1935–1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0317

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'S deas í 'mhéin agus a cháilidheacht.
    Níl faitchíos ort ná baoghal go mbéidh sé 'troid le bean a' tighe
    Nó go bhfuighe sé cuid sinseála faoi shása'
    Tá sé ceart ar chuile chaoi mar tá'n tseamróg ar a thaobh,
    Fear measamhail é 'dtaobh athar agus máthar.
    Níl cás a' bith orm faoi, sin í an fhírinne innsigh' díb,
    'Sé Fear an Chapaill Bháin atá mé 'rádh lib.
    [Peadar Ó Maoláin as Inis Bearachain, go ndéana Dia grásta air, a chum. Tomás Ó Lochlainn as Bun a' Charnáin a sgríobh síos, as a chuimhne cinn, san Árus Caomhna i mBaile Locha Riach, Meadhon Foghmhair, 1937.]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Neilí
    Is minic a d'ól mé mo dhothain lá féile,
    I gcomhluadar ban óg is ba chóir uaim a dhéanamh,
    Ná masluigidh m'onóir faoi'n gcoir nach ra' déanta a'm,
    'S gan mé ach a' spóirt léi seal ar bhóithre Dhún Gréine.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir