Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)
- Dáta
- 1935–1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0308](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0308.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0308
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gaillimh aríst é.'
"Dfhág sí an hata sa gcomhra i gcomhnuidhe agus chuaidh sí fhéin go Gaillimh.
"Nuair tháinig sí ar ais shín sí aige é - i nganfhios nó gheobhadh sí bualadh (boladh).
"'Seo anois', adeir sí, 'hata leath-ghuinea dhuit'.
'Sin é an hata', adeir sé, 'is fiú caitheamh'." - Sadhbh
"Bhí fear ann agus cráin muice aige. Chuaidh sé ar an aonach, é fhéin agus an inghean agus an chráin aige ghá díol. Sadhbh (Samh) ' bhí ar an inghean, agus ní raibh aon Bhéarla aige fhéin. Tháinig jabair agus dubhairt sé: 'How much for the sow?' 'Ná bac le Sadhbh', adeir sé, 'ach ceannuigh an mhuic'." - Ceart
"Fear i mBaile na hAbhann dhá bhliadhain ó shoin, bhí sé a' díol capaill ar an aonach - fear eile nach raibh aon Bhéarla aige. Shul má bhí an margadh déanta, d'fhiafhruigh an jabair air: 'An bhfuil sé ceart?' 'Th'anam ag a' diabhal', adeir sé, 'tuige nach mbéadh sí ceart?'."
[Teach Phádhraic Uí Chonfhaola, An Chloch Mhór, Eanair 10]