Volume: CBÉ 0441 (Part 5)
- Date
- 1935–1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)gCárna a rinne é. Tháinig siad aniar go dtáinig siad go Bearna ag a' dorus aige, agus mhol siad annsin thar cionn é san amhrán. Rinne sé teach thall ar a' gcroc dhóibh -- Croc Mharcuis -- agus thug sé píosa beag talamhna dhóibh ann. Bhí siad tamall ann annsin agus d'athruigh sé aríst agus thug sé gabhaltas [góltas] talamhna aríst ar a' mBaile Árd dhóibh -- beirt d'ráir -- dhá lanamhain. Idir tigh Mharcuis agus a' Croc bhí Poll na hEistre.
[Teach Phádhraic Uí Chúláin, Coisméag Mór, Na Forbacha, Deire Foghmhair 1, 1931] - Bealadh
"Chuireas bealadh i m'iosgaidí, agus bhuaileas bóthar".
[Fárnocht, Corr na Mónadh.] - Planndaí
"Sioscalach - is air a fhásanns na ceannabháin bhána".
"Fiadhtaoil - fásann sé ar an gcriathrach."
[Máire Tam, Bean Mhic Diarmada, An Lochán Beag, Iúl 24, 1936] - Lámh ghearr
"Cuir do lámh ghearr i bhfad" [An Lochán Beag.]