Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)

Dáta
1935–1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0287

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gCárna a rinne é. Tháinig siad aniar go dtáinig siad go Bearna ag a' dorus aige, agus mhol siad annsin thar cionn é san amhrán. Rinne sé teach thall ar a' gcroc dhóibh -- Croc Mharcuis -- agus thug sé píosa beag talamhna dhóibh ann. Bhí siad tamall ann annsin agus d'athruigh sé aríst agus thug sé gabhaltas [góltas] talamhna aríst ar a' mBaile Árd dhóibh -- beirt d'ráir -- dhá lanamhain. Idir tigh Mharcuis agus a' Croc bhí Poll na hEistre.
    [Teach Phádhraic Uí Chúláin, Coisméag Mór, Na Forbacha, Deire Foghmhair 1, 1931]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Planndaí
    "Sioscalach - is air a fhásanns na ceannabháin bhána".
    "Fiadhtaoil - fásann sé ar an gcriathrach."
    [Máire Tam, Bean Mhic Diarmada, An Lochán Beag, Iúl 24, 1936]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.