Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)
- Dáta
- 1935–1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- Tighearnaí Talmhana
Na Ruaircigh - tighearnaí talmhana. "Níor chuala mé aon fhear mhaith do na bochta - ní raibh ins an am sin ach an Ciarmadach a bhí i Ros Comáin - thímcheall Ros Comáin bhí sé i n-a chomhnuidhe - bhí sé sin i n-a fhear mhaith.
"Ní ra' innseacht ar na píreanna a bhí ar fud na hÉireann an uair sin, agus iad fhéin a' troid le céile.
"Na Cuálaisigh, d'imthigh siad isteach go hAlbain, agus d'imthigh na Búrcaigh - Seáinín a Búrca - isteach go Sasana.
"Bhí droch-dhaoine ann. Bhí Riocard Mór ann agus ní ra' bualadh air. Agus bhí Madhnal Cáfal ann agus ní ra' bualadh air. Ní ra' gaol aige le Cáfal atá anois ann. Saighdiúir singil a bhí sa gCáfal seo. Ní raibh páirt aige leis, ach go raibh sé i n-a shloinneadh."
(Tam Mheat Ó Lócháin, D.F. 1936) - Na Buachaillí Bána
"Na Buachaillí Bána - Slashin Boys thugadh siad ortha i mBéarla - Thrashers agus Ribbons agus Clann Mhalaidh Maguire".
(Tam Mheat Ó Lócháin, D.F. 1936)