Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)

Dáta
1935–1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0311

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Tighearnaí Talmhana
    Na Ruaircigh - tighearnaí talmhana. "Níor chuala mé aon fhear mhaith do na bochta - ní raibh ins an am sin ach an Ciarmadach a bhí i Ros Comáin - thímcheall Ros Comáin bhí sé i n-a chomhnuidhe - bhí sé sin i n-a fhear mhaith.
    "Ní ra' innseacht ar na píreanna a bhí ar fud na hÉireann an uair sin, agus iad fhéin a' troid le céile.
    "Na Cuálaisigh, d'imthigh siad isteach go hAlbain, agus d'imthigh na Búrcaigh - Seáinín a Búrca - isteach go Sasana.
    "Bhí droch-dhaoine ann. Bhí Riocard Mór ann agus ní ra' bualadh air. Agus bhí Madhnal Cáfal ann agus ní ra' bualadh air. Ní ra' gaol aige le Cáfal atá anois ann. Saighdiúir singil a bhí sa gCáfal seo. Ní raibh páirt aige leis, ach go raibh sé i n-a shloinneadh."
    (Tam Mheat Ó Lócháin, D.F. 1936)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.