Volume: CBÉ 0441 (Part 5)
- Date
- 1935–1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)"An cún - sin é an snátha a choinnigheanns le céile é."
[Máire Tam, Bean Mhic Diarmada, Aibreán 2, 1937][Nóta. Pádhraic Bhaba, ar an mbaile thíos sa Lochán Beag, tá sgéalta aige. Níl a chuid cainnte go soiléir; is deacair é a thuisgint.] - Árainn
"Chuala mé sean-daoine a' rádh gur eascon atá a' coinneáil suas Árann - tá sé i ngreim driobaill innti fhéin. Nuair a sgaoilfidhe amach an ghreim, tá Árainn báidhte, Dia linn."
[Teach Phádhraic Uí Chonhfaola, An Chloch Mhór.] - Ceist
"Púnt a shoinseáil i n-a fiche píosa gan deich sgilleacha, gan coróin, gan leath-choróin, gan píosa dhá sgilling, gan sgilling, gan sé pingne, gan pighinn ná leithphighinn."
Fr. 16 trí pingneachaí, 4 píosa ceithre sgilleacha.
[Teach Phádhraic Uí Chonfhaola, An Chloch Mhór.] - Na Deich nAitheanta
"Creid, a mhic, i nDia go glan,(continues on next page)