School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caitheamh Aimsire
Falach Cruach.
Imrightear é seo timcheall na gcruach coirce sa bFóghmhar. Cromann cailín amháin agus téigheann an chuid eile i bhfolach. Annsin cuartuigheann an cailín a chrom an chuid eile agus caithfidh an chéad duine a gheobhfas sí cromadh na go dtéigh an muinntir eile i bhfolach.
Dallóg:
Le n-aghaidh seo cuireann cailín amháin éadach ar a cuid súil agus ritheann timcheall an seómra in diaidh na páisdí eile. Caithfidh an chéad duine a bhfuighidh sí greim air an dallóg a chur uirthí. Ní maith le mo mháthair an cleas seo mar deir sí gur ionann é agus an rud a dhein na h-Iúdaigh le n-ár Slánuightheóir nuair a bhíodar á chéasadh.- Collector
- Cáit Ní Núadhain
- Gender
- Female
- Address
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo