School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 706](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_706.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 706
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé na trí claigne dé. Sháith sé an claidheamh isteach in-a chluais agus chroch sé ar a ghualainn é go dtanaig sé go dtí an cheis agus chait sé annsin é. "Ná síl nach maith an cheis a bhéas agam" ar seisean. Chuaidh sé abhaile agus ghlan sé an teach agus ní raibh sé i bhfad go dtanaig na triúr gaisgídhe agus iad sgialta, geartha, trom tuirseach. Dúbhairt duine acu. "Níor chualaidh muid acht géim cailigh anocht: caithfidh go bhfuil rud mór le n- éirghe duinn." "Béidir gur níos lúgha ná sin é" arsan Baideán. Leis sin fhéin d'ith siad a suipéar agus chuaidh siad a chodladh. D'ith an Baideán a shuipéar fhéin agus chuaidh sé chodladh. Chómh luath gearr is ghealaigh an lá d'imtigh na triúr gaisgídheach ag troid. Nuair a bhí sé sgathamh sa la, d'éirigh an Baideán agus d'ith sé a bhricfást agus shiubhal sé amach agus chuaidh sé suas ar an gcrann chéadhna agus thosuigh an ceann thuas ag dhul ar an gceann thíos agus an ceann thíos ag dhul ar an thuas an crann cam ag diriúghadh agus an ceann díreach ag lúbadh agus ní raibh sé i bhfad go dtanaig an cailleach grána amach agus ní raibh aice acht súil amháin, cos amháin, lámh amháin,(continues on next page)
- Collector
- Máire Muiltheach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo