Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 708](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_708.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 708
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leo" arsan Baideán. Tharraing sé buille amháin is bhain sé an ceann dí. Ní dheárna sé acht an claideamh a sháthadh isteach in-a clúais is a caitheadh sa gceis céadhna is caith sé na claigne eile. Annsin chuaidh sé abhaile agus réidthigh sé an teach agus ní raibh sé i bhfad go dtanaig na triúr gaisgídhe agus iad trom tuirseach. "Tá rud mór le n-éirigh dúinn caithfidh sé, níor chualaidh muid búir fathaigh ná géim cailligh anocht" ar siad san. "Ó béidir gur níos luagha ná sin é arsan Baideán. Annsin nígh siad agus ghlan siad iad fhéin agus chuaidh siad a codladh trom tuirseach. Acht chomh luath géar is ghealaigh an lá arís bhí na gaisgídhe in-a suidhe acht bhí an Baideán in-a shuidhe chomh luath leo agus nuair a bhí siad gar a bheith réidh le n-imtheacht dúbhairt an Baideán "feicim sibh ag imtheacht chuile lá agus sibh ag tigheacht san oidhche trom tuirseach agus ché'n áith a mbíonn sibh ná cé leis a mbíonn sibh ag troid ná cé faoi a bíonn sibh ag trois agus ní imtíghe sibh gan mise indiú." "Ní bhéidh tú linn ná ní gróchann ar bith dúinn thú(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Muiltheach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo