Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 709](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_709.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 709
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht innseóchaidh muid duit tuige a mbíonn muid ag troid." "Tá náisiún eile ag troid linn agus iad seo a mharbhuigheann muid Lá amháin béidh siad in-a suidhe an chéad lá eile." "Bígidh ag imtheacht anois is gabhfaidh mise in bhur n-airricis tráthnóna agus fanfaidh mé shuas ar bhárr an chruic ná go dtigidh sibse aníos agam." arsan Baideán. Nuair a thainig an tráthnóna d'imthigh an Baideán in-a n-airricis agus d'fhan sé shuas ar bhárr an chruic ná go dtanaig siad aníos aige. Dúbhairt sé leo a bheith ag dul abhaile agus go bhfanadh sé fhéin go bhfeicfeadh sé céard a bhí a ndeanamh beó. Ní raibh sé in-a measg nó go dtanaig an chailleach agus a puitín agus a cleite léi agus dúbhairt sí "a haon 's dó bígidh in-a suidhe tá an suipéar réidh" agus chuaidh sí thart ag chuile dhuine acu agus chuimil sí íocshláinte díobh. "Ní "bhéidh siad in-a suidhe fhad is tá mise annseo" agus thosuigh sé fhéin agus an chailleach ag troid agus mharbhuigh sé an chailleach. Ní raibh sé i bhfad in- a dhiaidh sin go dtanaig tarbh mór arís agus a phuitín agus a chleite leis ag rádh leo a bheith in-a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Muiltheach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo