School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 710](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_710.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 710
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)suidhe. "Ní béidh siad in-a suidhe" arsan Baideán agus thosuigh sé ag troid leis an tarbh agus mharbhuigh sé é chomh maith. Ba gearr in- a dhiaidh sin go dtanaig cat mór fíadhán agus a phuitín agus a chleite leis ceangalta thart ar a mhuinéal agus dúbhairt sé "a h-aon 's dó bígidh in-a suidhe tá ár suipéar réidh." "Ní bhéidh siad in-a suidhe fhad is atá mise annseo" arsan Baideán. Thosuigh sé ag troid leis an gcat agus nuair a bhí sé ag dul ag tarraingt an chait ó chéile agus greim iorbaill aige air bhuail an an [!] cat é le buille sa gcraoidh agus tharraing sé amach é. Acht in-a dhiaidh sin mharbhuigh sé an cat agus thuit sé féin ar an talamh. Chuimnigh sé gur dúbhairt sé leis na gaisgídhthe go guirfeadh sé suas a mhéir dá mbeadh sé ag fágháil bháis agus chuir. Chonnaic na gaisgídhe é agus thainig siad chuige agus chuimil siad íocshláinthe de agus bhí sé chomh maith is bhí sé ariamh. D'ompair siad abhaile é agus mhúch siad le póg é d'fliuch siad le deór é agus thruimigh siad le síoda seóil agus meón é. Annsin d'innis sé dóibh chuile short ó d'fhág sé Éire(continues on next page)
- Collector
- Máire Muiltheach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo