School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 709](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_709.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 709
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht innseóchaidh muid duit tuige a mbíonn muid ag troid." "Tá náisiún eile ag troid linn agus iad seo a mharbhuigheann muid Lá amháin béidh siad in-a suidhe an chéad lá eile." "Bígidh ag imtheacht anois is gabhfaidh mise in bhur n-airricis tráthnóna agus fanfaidh mé shuas ar bhárr an chruic ná go dtigidh sibse aníos agam." arsan Baideán. Nuair a thainig an tráthnóna d'imthigh an Baideán in-a n-airricis agus d'fhan sé shuas ar bhárr an chruic ná go dtanaig siad aníos aige. Dúbhairt sé leo a bheith ag dul abhaile agus go bhfanadh sé fhéin go bhfeicfeadh sé céard a bhí a ndeanamh beó. Ní raibh sé in-a measg nó go dtanaig an chailleach agus a puitín agus a cleite léi agus dúbhairt sí "a haon 's dó bígidh in-a suidhe tá an suipéar réidh" agus chuaidh sí thart ag chuile dhuine acu agus chuimil sí íocshláinte díobh. "Ní "bhéidh siad in-a suidhe fhad is tá mise annseo" agus thosuigh sé fhéin agus an chailleach ag troid agus mharbhuigh sé an chailleach. Ní raibh sé i bhfad in- a dhiaidh sin go dtanaig tarbh mór arís agus a phuitín agus a chleite leis ag rádh leo a bheith in-a(continues on next page)
- Collector
- Máire Muiltheach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo