School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 796
- XML “Díol agus Ceannacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Díol agus Ceannacht.
Bhí siopaí beaga fairsing go leór ar fud na mbailte fadó, níos fairsinge ná tá siad anois agus bhíodh sean-mhná ag dul thart ó theach go teach ag díol builíní, té, agus siúcra, tobac agus gach rudaí mar sin agus thugadh siad na h-Ugstéirí orthu. Ní cuimhneach le duine ar bith atá le fagháil anois go raibh teach phobal 'sa bparráiste seo roimh ceann na n-Achadh agus taréis am Aifrinn chuile Dhómhnach bhíodh daoine taobh amuigh ag díol rudaí.
Bhíodh fear amháin ann a dtugadh siad Dic Miathán air agus théigheadh sé amach go Béal - an - Átha le chairt agus thugadh sé isteach lán cartach de chuile shórt rudaí go Fálach an áit ina raibh sé ina chómhnuidhe agus nuair a thiocfadh an Dómhnach thugadh sé an méid sin leis go teach an phobail. Bhi teachín beag déanta aige(continues on next page)- Collector
- Máire Iósephín Muilleach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo