School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 289
- XML “Na Sióga”
- XML “Airc Luachra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sidheóga
Oíche amháin chuaidh fear isteach i dtigh muinteardha agus nuair a tháinig sé amach do sheas sé ag agheata fhéin agus leag sé a dhá lámh ar an bhfalla. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a dh'airig sé fothrom agus ceól agus rí-rá ag deánamh ar ais ár eigint.
D'imthig an fothrom amach thairis ag ni bhfuigheadh sé aon rud a bhí á rádh nó a bhí ar siubhal acu. Is seata sideóg a bhí ann.
Fuair mé an sgéal seo ó m'athair. Aos 50 bliadhna.- Collector
- Seán Ó Lonáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Bhí cailín amuigh sa sliabh fadó agus thit a codladh uirthi. Nuair a bhí sí ina codladh chuaidh airc luachra siar ina scórnach.
Chuaidh sí abhaile agus d'inis sí do n-a mháthair cad a thit amach. Bhí an bean bocht trí na chéile agus chuaidh sí go dtí an sean draoi a bhí amuigh sa sliabh agus dúirt sé leí tobán bainne úr a fháil agus an cailín a chuir isteach ann agus go dtiochfaidh an airt luachra amach. Dhein sí é sin agus nuair a bhí an cailín leath-uair ins an tobán tháinigh an airt luachra amach agus bhí míle púint casta timpeall air.