Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amrán Mholta Gleann Domhan
1.
Deireadh mo stóir caichte i dtoigh an óil
Sa bhaile [udaí]? a tógadh ariamh mé
Sí Eilis mo bhrón as ní mhairfidh mé beó
Tá an coigchrich go mór ‘dom fhéachaint
Ag an phobhail Dia Domhnaigh is faitcheach mo ghlór
Is gan duine ann a thógfadh an cian díon
Is má théidhim go Gleann Domhan ní de mo dheóin
A chaitheas mé móran blianta ann
11
A Cáitlín a stóir glac misneach ró-mhór
‘S na cluinin níos mó thú ag éagcaoin
Bí carthannach cóir do a rachaidh an ród
Is cuimhuigh bí i gcomhnuidhe déirceach
Má bíonn againn bólacht airgead nó ór
Is cuma sa domhan ca mbéidhmid
Molaim Gleann Domhan ar feabhas tré fódla
Is gach nodlag bí leabhtha ar fhéasta
111
Sé i bhflaitheas na naomh a chaithmid ar saoghal
Sa baile a bhfuil Naos na chomhnuidhe
‘S am a fhasas an fraoch an samhaidh ar craoibh
An giolcach an (craobh) cíob sa neóinín
Ta curaigh, sugchraobh ann seascach is míneach
A ailtí gabhail fríd go ceólmhar
Is ní monnan is an taobh seo a bhfuilmid den tír
Tá easbaidh gach nidh de’n tseort ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mháirtín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Corr na bhFiach, Co. Dhún na nGall