Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 141
- XML “Eachtraí Oisín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sa deireadh casadh buachaill Phadraig do agus mála beag salainn ar a dhruim aige. Thuit an mála ó’n bhuachaill agus ní rabh dul aige é a thóghail suas ar a [mhuin]? arais. Chrom Oisín anuas a chuidiú leis acht thuit sé ó mhuin an eich agus d’éirigh sé na sheanduine críon liath comh luach as bhuail sé an talamh.
Lean sé buachaill Phadraig annsin. Chuaidh sé a chaint le Pádraig ach ní rabh gar do a bheith ag conspóid leis. Shíl Oisín nach rabh aonduine ioncurtha leis na Fianna.
Ba abhaill an t-ainm a bhí ar an cháilín aimsire a bhí ag Pádraig agus bhíodh sí féin agus Oisín i gcomhnuidhe ag argóint le chéile. Dubhairt Oisín go bhfaca sé caor caorthainn a bhí comh mór le na meascán ime agus duilleóg eidheain comh mór le na srúbhán beag gann gortach aráin agus ceathramha lum a bhí comh mór le na mart.
Thainig an Fháinleóg thart agus sgiobh leithe a fháinne agus d’éirigh sé dall annsin. Bhí doigh bhocht air gan lathair gan mhóthú.
I dtrátha an ama seo bhí coileáin ag [coin]? Phadraig. Dubhairt Oisín leis an bhuachaill aimsire na coileain a cathamh suas ar mhuin an eich. Thuit siad uilig anuas ‘un talamh ach ceann amhain a chur ar cuid crúb i bhfastádh sa tseiche. Dubhairt Oisín leis an ceann sin a choinmeal go dtí go mbéadh sé an oiread seo d’aois agus na rudaí eile a bháthadh.
Nuair a bhí sé bliadhain ann arsa seisean leis an buachaill aimsire, “An bhfeiceann tú cloch mhór ar an chroc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann