Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 84
- XML “Padaí an Cháir”
- XML “Padaí an Cháir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- rinne mé moil beag ag teach Eóin Sheain. D’iarr sé orm cupla súgan a chasadh dó fha is bhéadh an dinnear a dheánamh réidh. Rug me féin ar an chor-shúgán agus thoisigh a chasadh agus bhí seisean ag innse scéil.
Le sin connaic mé “coisí” an madadh, na rud amach agus ise ag scairtigh an méid a bhí in a corp na dhiaidh. An scadán a bhí sí gha ros bhí sé leis in a bheal agus isé ag éirigh in áirde na dhiaidh. Labhair Eoin léithe.
“Téigh isteach ‘un toighe agus na bhí ag éirigh in áirde, agus do thubaiste leis an scadán shíos i mbolg an mhadaidh”.- Bailitheoir
- A. Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Tomais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Eadargóil, Co. Dhún na nGall
- Fear de chloinn mac gaoithin a bhí chomnuidhe i nGleann Finne agus bhí stair-fhiacail aige, mar sin de bheireadh siad ‘Padaí an cáir’ air. Bhíodh sé ag tabhairt amach min-cháirde ar gaimbín agus bhíodh na daoine an-mhúinte dó fhad is bhí cáirde aige ortha. Sé deireadh siad nuair a castaoc daobhtha é.
“Goidé mar tá tú, a Mhr Mac Geehen”. Ach nuair na chaithfidhe é a dhíol i gcionn na gceithre mí na mar sin, bíodh siad ar a neamh thuilleamaighe agus sé deireadh siad. Seo dhuit do chuid anois a Padaí an Cháir”.