Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 226
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)cúpla míle fá choinne uisge. Chuaidh an fear seo go dtí an rí agus d'innis sé do an áit a rabh tobair. Chuaidh sluagh mór daoine go dtí an áit agus fuair siad an tobair. Bhí an-áthas ar na daoine agus thug siad mórán pronntanas do'n fhear. Bhí mórán airgid ag an fhear anois agus bhí sé sásta. Ní rabh fhios aige cá dteachaidh am bheirt fhear eile. Lá amháin bhí sé ag obair ins an choill agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile cé casadh air acht a bheirt chomradaidhe. Bhí siad an-bhocht anois. Bhí iongantas ortha nuair a chonnaic siad an fear a cheangail siad do'n chrann. Bhí siad ag gabhail a rith ar shiubhail acht d'iarr an fear ortha gan eagla a bheith ortha. D'innis sé dobhtha gach rud a tharlaidh do, agus d'iarr sé ortha a gabhail go dtí an choill an oidhche sin agus a shuidhe faoi'n chrann. Rinn siad seo agus nuair a bhí sé ag éirghe dorcha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall