Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 17
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgeál fa choinne Uí Baoighill agus tháinig sé. Tóg O’Baoigill an cloch agus cait sé i leath thaoibh í agus ta sí lé feiceal annsin go dtí an lá indiu. Is iomdha shiaigh daóine ar sínn iarr acht an chloch sin a tóghail acht ní rabh siad abalta.
Bhí feár éile in a chomhaidhe i Beál Atha an Ghainimh i Ard-a-Ráth darbh ainm Tomhás O’Gallchobhair. Bhí sé ag abhair lé Seosamh Mach Suibhne. Lá amháin bhí shíaigh mhór daóine thart fán theach Mach Shuibhne. Dia h-Aoíne a bhí ann agus bhí aónach i Ard-A-Ráth.
Bhí an Mhór Gluaisteán ar an t-sráid agus dubhairt feár amháin “Bheirfidh mé punt do’n té a thoghfa an dhá chead Meadchainte sín agus a chuirfean aírde ar an Mhór Ghluaistean e lé na fhiacla.
Chualaigh O’Gallchobhair an dubhshláin agus chuaidh sé go dti an aith a rabh an dhá chead Meadhchainte Mhine bhuidhe. Thogh sé an Mhine agus chiur se in aírdhe ar an mhór Gluaisteán (Lorry) é. Thúg an feár an t-airgead do acht ní ghlacfad O’Gallchobhair an t-airgead, Agus tá mé cinnte nach rabh fear ag an aonach an lá sín a dhéanfadh an obhair cheadhna.- Bailitheoir
- Seán O Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ardvally, Co. Dhún na nGall