Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 48
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí gasúr beag agus a mháthair ann aon uair amháin. Lá amháin chualaidh an gasúr go rabh fáthach mór ina chomhnuidhe cúpla míle ar shiubhal agus d'iarr sé ar a mháthair cead a thabhairt do le ghabháil go dtí teach an fháthaigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an fháthach agus a bhean i luighe. Tháinig an ghasúr amach agus chuaidh go dtí an choirneal. Fuair se greim ar an chirc. Annsin chuaidh sé go dtí an doras agus ní rabh glas ar bith ar. D’Fhosgáil sé é go an chiuin agus chuaidh sé amach agus druid sé an doras ina diaidh. Rith sé annsin an méid a bhí ina chorp agus ní rabh se ibfad ag baint an bhaile amach. Bhí a mháthair ina suidhe ag an teinidh nuair a chuaidh sé isteach. Bhí an iongantar uirthí nuair a chonnaic sé sí a mac abhaile slán. D’immis seisean gach rud a thárlaidh do agus nuair a chonnaic sí an cearc bhí an áthais uirthí.
An tráthnóna ina dhiaidh sin bhí an gásúr ag iarraidh gabháil go dtí teach an fháthaigh aríst agus ní leigfeadh a mháthair é, acht d’imthigh sé nuair a bhí sé ag eirigh dorcha. Ní rabh sé ibhfad ag baint an teach amach. Nuair a chuaidh sé isteach bhí an bhean ina suidhe ag an teinidh. D’iarr an gasúr uirthí cead a thabhairt do fanacht an oidhche sin “O ársa sise ní thig liom sin a dheánamh. Bhí gasúr beag annseo aréir agus goid sé chearc”. “Ó ársan gásúr nach olc an bhuachall sin ní (deán) dhéanamh mise rud ar bith mar sin”. “Bhal ársa sise go asteach faoi an chliabh sin”. Rinn sé seo. Níorbh bhfada go dtáinig an fháthach asteach agus d’ith sé a shuipear agus chuaidh sé gó dtí an téastar agus thúg sé seibh leis. Annsin craith sé aníos ar síos an urár é. “Ó ársan gasúr “dá mbéadh an seibh sin agam-sa bhéidhfinn saidhbhear go deo. (B) Nuair a chraith an fháthach an seibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall