Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 73

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 73

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 73
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ina baintreabhach, agus bhí mac amháin aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé í ag caoineadh ar an chruic. “Dubhairt mac an bhaintreabhach go bhfacaidh seisean í ag suidhe ar cloich ar bharr an chruic. Dubhairt an fear go mbéadh sí astuigh san seomhra acu igceann cupla bomaite. Ní rábh ibhfad go rábh sí astuigh ins an tseomra. Thainig an mháthair amach go dtí an tseomra ina rábh síad ann i bhí an lúthgháir uirthí shil sí go bfacaidh sé inghean ar bharr an chruic.
    Tháinig an mháthair asteach go dtí antseomra ina rábh síad ann. Bhí inghean astuigh san tseomra rompa. D’iarr an bainrioghain ar a inghean annsin a chuid éadaigh úr a chuir (ur) uirthí. D’imthigh an tiomlán leo go dtí teach adhraidh. Pósadh an bheirt annsin. Tháinig síad abhaile go dtí teach an bhainrioghain. Bhí briocfásta maith acu annsin.
    Thainig an oidhche agus chuaidh an cailín ina luighe. Toisigh mach na baintreabhaighe agus ghuid sé a cuid éadaigh go léir agus thug sé do bean eile ar an aonach fá choinne cúpla caoirigh. Díol sé na caoirigh airíst agus fuair (sIad) sé luath maith órtha agus cheannuigh sé morán éadaigh do a bhean agus tháinig go dtí teach an bhainrioghain agus bhí féasta mór acu. Comhnuidhe síad go sásta ó sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire B. Ní Bhreisleain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seumais Ó Breisleain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall