School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 027
- XML “Tairngreachtaí Cholm Cille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt Naomh Colmcille go rabh carraic i nGortaluain agus an té a bhéas astoigh faoin carraic go mbéidh sé sabhailte.
Go mbéadh tuaisgeart na h-Éireann ag troid leis an chuid eile de'n tir.
Go mbéadh bealach déanta ar Chnoc an Bhaile Áird agus go muirbhfidhe dhá fear air.
Roimhe deireadh an t-saogail go mbéadh na Gaedhil agus na h-Albanaigh ag troid agus ar maidin go mbéadh na h-Albanaigh comh láidir le crann darach ins an bhun, ar an deich a chlog go mbéadh siad chomh lag agus nach mbéidh siad abalta a gcóta a iomchar agus ar an mheadhon lae go mbéadh siad uilig marbh.
Go mbéadh lán iomaire Ghlinne slán indiaidh an chogadh agus go dtiocfadh an lán mara isteach agus nach bhfuigheadh duine ar bith a gcóir.
Indiaidh sin dubhairt Colmcille go mbéadh dligheadh comh h-olc ag na Gaedhael agus go mbéadh siad ag caoineadh ar uaigh na n-Albanach.- Collector
- Proinseas Mac Fhionnlaoich
- Gender
- Male