School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 038
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ins an Ghleann seo uair amháin agus bhíodh sé fhéin agus fear ag goid rudaí ó na toighthe.
Lá amháin tháinig an tóir air agus tháinig sé fad le abhainn agus léim sé trasna na h-abhna. Bhí bean in a seasamh ar an taobh eile de'n abhainn agus dubhairt sí, "Is maith do léim," agus dubhairt an fear, "Ní mór, ach an rása a thug mé aon is fiche míle," agus annsin d'imthigh an fear.
Nuair a bhí sé trí fichid bliadhain chualaidh sé go rabh lutha le bheith thall i Sasain. D'imthigh an fear anonn go Sasain agus bhain sé na rásaí agus ní rabh fear ar bith comh maith leir ag léimnigh.
Bhí fhios ag na Sasannaigh nach rabh sé cosamhail le fear eile.
Rith siad i na dhiaidh agus fuair siad greim air agus mharbh siad é.
Nuair a bhí sé marbh d'fhosgail siad é agus chonnaic siad go rabh eiteogaí ar a chroidhe.Ghlac Pádraig Mac Giolla Easbuic an sgéal seo síos ó na athair Séamus, fear meadhaon aosta as an Chill Fanaid. Feirmeoirí iad nár(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Giolla Easbuic
- Gender
- Male
- Informant
- Séamus Mac Giolla Easbuic
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall