School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó shoin nuair a bhí na dlighthe peannaideacha ann, chomhnuigheadh sagart paróiste agus i seíplíneach ar an Charraic.
Domhnach amháin chonnaic an bheirt aca sluagh de’n arm dhearg ag teacht agus bhí uirnéisí cogaidh agus beathaigh leóbhtha.
Bhí an seíplíneach ag crith le eagla agus dubhairt sé go gcuirfheadh sé síos droichead na Carraice iad agus go muirbhfeadh an t-iomlán.
Ac diarr an sagart paroísde air gan sin a dhéanamh agus go ndéanfhadh seisean reid éigin eile.
Annsin nuair a tháinig siod fhad leis an droichead ní rabh siad ábálta a gcuid cosa a thógailt agus béigin daob tionnthughadh. - Sgéal eile.Bhí dream daoine i na gcomhnuidhe ar an Chlocair uair amháin agus bhí “game keepers” mar ainm ortha.
Ní thiocfhadh le duine ar bith gearrfiadh na coinín a mhairbhfeadh gan cead uabhtha.
Ach lá amháin chuaidh an sagart agus fear eile ar shiúbhal ag sealg.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Niallghuis
- Gender
- Female