School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nac bhfuil sé ceart na clocha seo a chorrughadh ach uair amháin. Chuir fear ceann de na clocha ar bheathach agus thug abhaile í agus nuair a d’éirigh é ar maidin bhí an beathach marbh.
Fosda tá sean-teampall thíos ar an leath-Choill agus bheirtear teampall na Manach air agus nuair a bhithear ag cur an tóir ar na manaigh d’fág fear amháin lorg a chos i gcloich atá comhgarach d’on teampall agus nuair atá uisge ins an chloich seó léasann sé duine ar bith a mbíonn fuinneadh air.
Fosda ní bhaineann duine ar bith d’on fheár nó dó na crainn atá thart f’an teampall seo nó deir siad go bhfuil sé an-uasal. - Nuair a bhí Produstúnaigh go daingean láidir annseo bhíodh duine ag gabhail thart ag tabhairt proístí do na Caitliocaighe. Lá amháin bhí sagart ag dul suas an bealach comhgarach do Cill Gawley agus é ag marcaigeacht ar chapall.
Chonnaic sé Produstúnach ag dul isteach i dteach agus lán a dhoirn de phroístí leis. Chuaidh an sagart isteach i-na dhiaidh(continues on next page)- Collector
- Mícheál Mac Giolla Easbuic
- Gender
- Male
- Informant
- Aodh Ó Curraoin
- Gender
- Male
- Age
- 18
- Address
- An Bhráid Íochtarach, Co. Dhún na nGall