Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 171
- XML “Scéal fá Chnoc Laoin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal fa Chnoc LaoinTá seal fada ó shoin bhí cúigear deártharach i n-a gcomhnuidhe ar a' Mhullach Mhór agus bhíodh siad go síorraidha ag iasgaireacht le cheile. An fear a ba sine de na déarthatacha phós sé is chuaidh sé a chomhnuidhe i dteach leis féin. Bhí an ceathrar eile i n-a gcomhnuidhe leis an mháthair mhóir. Bhí a n-athair agus a máthair marbh. Aon mhaidín amháin agus iad ag iascaireacht gliomach tháinig fear de na déartharacha a mhuscladh an fear a bhí pósta nó go rabh siadsa réidh anois aagus go rabh siad ag tarraingt ar a' chladach. D'éirigh an fear pósta de léim sa leabaidh agus chuir anscillead sa teine. Ansin
chuaidh sé a chur air a chuid éadaigh co n-achmur is thainig leis.
Nuiar a bhí an scilleád ag fiuchadh agus é a ghabhail a chur gráinín taae air thionntuigh sé agus dóirteadh é líon sé athuair é agus chuir ar an teinidh e leise imtheacht i n-a chroscadh. Nuair a bhí sé a ghabhail a fhiuchadh ath-uair thionntaigh sé arais a dóirteadh é. Bheir sé arais go feargach air agus chuaidh sé a chur braon uisce ann. Nuair d'amharc sé amach ar a' doras bhi an bád ar shiubhal ón chladach. Dubhairt sé le n-a mhnaoi annsin go bhféadfad sé a am a ghlacadh anois nó go rabh sead ar siubhal. Ní rabh an briocféasta deánta aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94