Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “Bád Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bád Sídhe
    Bhí fuireann as Teileann amuigh ag iasgaireacht oidhche amháin. Chuaidh siad go Bun Glas a d'iarraidh scadán. Chaith siad tamall thiar ach ní bhfuair siad aon ghné. Nuair a bhí an eangach tógtha aca agus iad réidh le theacht abhaile chonnaic siad bád fá ghiota daobtha. Rinnd siad iongantas nár labhair an fhuireann leobtha. Bhí seisear fear ag iomrughadh uirthi gan stiúir ar bith. Arsa fear aca leis an fhear eile, "Bainigidh iomrughadh aiste." Thosaigh siad ag iomrughadh ar cheann a ndichill ag cóimhlinnt cé aca bhéadh ag an Charraigín ar dtús. Ach bhí an bheirt is[?] na maidí ag 'na chéile rith an ama go dtainig siad 'na leice. Chuaidh an bád sídhe a dh'imeacht uabhtha annsin rud beag nó go dtainig siad fhad leis an chéidh. Chuir siad beirt de'n fhuirenn amach ar an chéidh a d'amharc cé an bád a bhí ann nó shil siad-san gur as an Achadh an Rátha í. Ach fuair siad amach nach rabh bád ar bith amuigh as Achadh an Rátha an oidhche sin. Chonnaic siad annsin gur bá sídhe a bhí innte. Bhí iongantas mór ortha de thairbhe seo acht níor éirigh tiompaiste ar bith daobhtha dá bhárr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall