Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Sceal
    Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhi dhá dhream ann uair amháin tuairim is ar cúig chéad bhliadhain ó shoin. Bhí dream amháin aca agus ní thiocfadh leobhtha aon fhocal fhírinne a innse. Bhi an dream eile ar an doigh eile, ni thiocfadh leobhtha aon fhocal bhréige a innse.
    Bhí beirt fhear óga aca seo, fear de i n-uile dhream an mhór le n-a chéile. Sé an chéird a bhí aca na cearrbhachas. Bhí siad ag sábhail i n-uile phighinn a bhí said ag saothrughadh go dti sa deireadh go rabh leith-chead punta an duine sábhailte aca. Bheiridhe "Fear na Fírinne" ar fhear amháin aca agus "Fear na mBréag" ar an fhear eile. Ach cé bith chuir siad geall lá amháin gurabh' fhéarr an fhírinne na an bhréag. Dubhairt an fear eile go gcuirfead sé an leith-chead punnta a bhí aige de fhuigheall leis go mbféarr an bhréag.
    Leagadh amach an dá leith-chead punnta. Chuaidh siad a d'imirt na gcárdaí annsin agus bhuaidh Fear na mBréag. Dubhairt Fear naFírinne go n-imreochadh sé an culaith éadaigh a bhí ar a dhruim leis le cur i n-iúil dó gur bhfearr an fhírinne. D'imir siad le cheile agus bhuaidh "Fear na mBhréag"arais. Dubhairt "Fear na Fírinne" annsin go n-imreochadh sé amharc a dhá shúl gurbh fhearr an fhírinne. N-imreochadh amharc na súl, bhí an bhuaidh arais le "Fear na mBréag. D'fiafruigh "Fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall