Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 182
- XML “Scéal fá Chonall an Chró Bháin”
- XML “Scéal fá Fhear a Bhí ina Chónaí ar an Chríbhínn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ar an uisce choisreactha agus chraith sé air arís é. D'imigh an droch-rud uaidh arís agus bhí sé ar an dóigh sin go dti go rabh an t-uisge coisreactha ar bhealach a bheith reaithte. Nuair a chonaic an fear go rabh an t-uisge coisreactha a ghabhail a reathaidh amach thug sé aghaidh leis ar bhraon agus chaith san dabhach é ag déanamh go mbéadh a shaith aige annsin. An scread a chuir an diabhal as níor fhág sé a chloigeann gur fhuaraigh an bás a bheal.
- Sceal fá fhear a bhí i n-a chomhnuidhe ar a' Chríbhínn.
Tá seal bliadhantach ó shoin bhí fear i n-a chomhnaidhe thuas ar a' Chríbhínn agus choinnighead sé cíonadh mór caorach. San am sin ní bhíodh ann ach Aifreann an mheadon[?] lae Dia Domhnaigh . Bhi sé na ghnás déanta aige a ghabhail 'na chnuic i dtólamh roimhe am Aifrinn. Aon Domhnach amháin d'éirigh sé go luath ar maidín agus chuir sé roimhis féin go mbéad sé amach as Fothar Fhraoich le ghabhail 'un Aifrinn. D'imigh sé agus chuaidh sé a ghéarradh a n-uile aithghiorra a ba ghaiste a bheirfead arais é. Shiubhail sé leis nó go dteachaidh sé anonn go dtí an áit a dtugann siad an droch-shruthán air. Ni rabh ann ach aon bhealach amháín a dtiocfadh leis a ghabhail nuair a thainig sé fhad leis an droch=shruthán. I gceart lár an bhealaigh sin bhí bean i n-a suidhe agus páiste óg i n -a hucht aice. Labhair sí agus d'fiafruigh sí dó ca rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94