Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 198
- XML “Síscéal”
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí marbh aige ni rabh an leitheóg ghorm le fághail. Smaointigh sé annsin nach an deagh-rud a bhí innte agus bhain sé an baile amach comh tiubh gear is thainig leis.
Bhí an fear seo ag innse i n-a dhiaidh sin gur aithnigh sé an glór a labhair ar a chúl. Ba ghlór é de fear a báthadh annsin i bhfad roimhe sin. - Síodh - ScealBhi fuireann as Teileann amuigh ag iasgaireacht oidhche amháin fad í shoin. I dtráthaibh an trí ó chlog ar maidín bhí cuid den fhuirinn ag dréím a fhághail abhaile. D'imigh an t-iomlán aca ach sean-duine amháin a d'fhán sa bhád.
Bhí an bád ar feisteadhthiar i n-áit uaigneach i gcúil na n-alt. Bhí croidhe láidir ag an fhear d'fhán sa bhád agus ní rabh na buic i bhfad ar siubhail nuair a mhothuigh sé an tormán slabhruidh amuigh as an chladach. Níor chuir sá aon dath suime ann ar tús ach le sin sheas an ghruaig ar a cheann nuair d'amharc sé suas an allt agus chonnaictheas dó gur tucht[?] iomlán an aillt isteach san fharraige. Bhí sé ag coimhead ar seo tamall maith agus smaointigh sé an dá lá bhéad sé beo nach rachadh sé amach ar bhád. Shil sé sa deireadh go dtiocfadh na clocha ar an bhád(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Nic Giolla Chearra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Lochlainn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann