Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 271
  3. XML “Scéal Eile fán Diabhal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seul eile fá'n Diabhal
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí triúr mac aige. Oidhche amháin bhí baicle fear i dtoigh an fhir seo agus bhí achan fear accau ag innse a scéil féin. Fá dheireadh dubhairt an mac b'óige go n-imtheochad sé leis go bhfuighead sé amach brigh na h-eagla agus brigh an uaignis. Thúsaigh na fir uilig a mhagadh air. Fuair an buachaill bata agus d'imthigh sé leis.
    Shiubhail sé leis agus fá dheireadh casadh fear mor ábalta air. Cá bhfuil do thriall arsa an faer mór. "Tá', arsa an buachaill 'tá mé ag imtheacht liom go bhfághaidh mé amach brigh na h-eagla agus brigh an uaignis". Ná gabh níos faide, arsa an fear mór, Is mise sin, is mé an diabhal. 'Bhí fhios agam sin; arsa an buachaill, 'nó tá na cosa atá ort cosamhail le cosa capaill'. An bhfuil eagla ort romham" arsa an diabhal leis. "Níl aon dath" arsa an buachaill leis. "Níl" arsa an buachaill agus léim sé suas ar a dhruim. Fá dheireadh d'fhiafraigh an buachaill de'n diabhal a'rabh sé tursach agus eiseal a leigint anuas da dhruim. Dubhairt an diabhal nach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall