Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shaoil sé a bhí ann ach a athair a bhí marbh le mórán blianta. Chuir sé cumhaidh air agus phóg sé míle uair é má phóg sé uair amháin é. Annsin thaiscidh sé ina phóca é agus thug sé a aghaidh ar an bhaile.
Níor innis sé dadiadh dó'n bhean ach i gcionn achan tamaill nuair a gheobhadh sé deis tharraingeodh sé an giota de scáthán as a phóca. D'amharcadh sé air agus annsin phógadh sé é. Annsin chuireadh sé an scáthán in a phoca. Bhí an bhean a choimhead faoi na súil agus shíl sí gur mearadh a bhí air. Annsin smaoitigh sí go mb'fhéidir gur pioctúir mná a bhí aige agus ní rabh sí leath-shásta.
Lá ar na bhárach bhí aonach i nGort a' Choirce agus d'imthigh an fear leis 'un aonaigh. Sul ar ... sé d'fhiafruigh sé de'n bhean cé acu a chuid sean-éadaigh na a chuid éadaigh úra a chuirfeadh sé air. Rinn sé sin agus bhog sé leis. Nuair a fuair sí ar shiubhal é chuaidh siad fríd pócaí a chuliath Domhnaigh agus fuair sí an scáthán. Bheathnuigh sí air ar feadh tamaill agus dubhairt sí "Níl fhios agam caidé a chonnaic sé san tsean rud mhíofúr sin".Pádraic Ó Baoighill Aois 47 bliadhain
Rann na Feirsde Feirmeoir
Athá na gCoire- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall