Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 102
- XML “Fear na Bascáide”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear na BascaideBhí fear agus bean ann fad ó shoin agus bhí an ingean acu a ba dóigheamhla a chonnaic súil ariamh. Bhí na fir óga na diaidh comh tiugh le do mhéara agus is iomaidh ofráil pósta a fuair sí. Ach ní bhfuigheadh fear ar bith é ach an fear a mbéadh céird éinteacht aige. Bhí fear óg ar an bhaile agus bhí grádh mór aige uirthi. D'iarr sé le pósadh í ach dubhairt a h-athair nach bhfuigeadh sé í le pósadh mar nach rabh céird ar bith aige.
Bhog sé leis na bhaile agus é faoi ghruaim agus faoi bhuaidhreadh. Casadh fear air ar a rabh ultach bascóid. D'fhiafruigh an fear de caidé fáth a bhróin. D'innis an buachaill dó caidé mar bhí. "Bhal" arsa fear na mbascoid "má théigheann tú liom-sa go cionn cúpla mí foghluimeochaidh mé ceird dhéanamh na mbascóid duit". D'imthigh an buachaill leis an fhear agus thoisigh a fhoghluim na céirde. I gcionn cupla mí bhí a chéird foghluimtha i gceart aige.
D;imthigh sé leis an bhascoid a bhí déanta aige agus d'iarr sé an cailín óg le pósadh aríst. "Nár dhubhairt mé leat aroimhe" arsa athair an chailín "nach bhfuightheá í mar nach rabh céird agat". "Bhal" arsa an buachaill "tá céird agam anois". Thaisbeán sé an bhascóid dó a bhí sé indiaidh a dhéanamh. Bhí an t-athair sásta agus fuair sé an cailín le pósadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Duibheannaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall