Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 13
- XML “An Fear Míshásta”
- XML “Eachtra Aodh Bháin agus Shéamuis Cróin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuir sé an téad anuas an simleor agus cheangail sé an téad an bhárr a bhróige. Nuair a tháinic sé isteach bhí an bainne dóirte ag an leanbh. Ní rabh fhios aige caidé a dhéanfadh sé. Annsin thoisigh sé a dhéanamh brachain fá choinne an dinneara. An chead bhogadh a rinn an bhó tharraing sí an fear suas an simleor. Nuair a chonnaic an bhean sin tháinic sí isteach agus dubhairt an fear nach bhfanochadh sé istigh go deo aríst.Maighread Ní Grianna
Rann na Feirsde
Aois: 74 bliadhain - Ins an bhliain 1741 críochnughadh cogadh Cromail ins an tír seo agus ní mó na gur fágadh duine beo fá chuid oileain na Rosann. Dóigheadh trí scór go leith daoine idir bheag agus mhór i nUamhach, i nÁrainn Mór an áit a dteachaidh siad i bhfolach nuair a bhí na saighdiúirí ar an oilean. Dóigheadh deirbhshiuir do Aodh Bán Ó Domhnaill agus máthair Shéamuis Cróin Uí Ghallchobhair ann. Mhionnuigh an bheirt fear seo go mbéadh éiric acu. Ní rabh fear ar bith comh lúthmhar ar a chois le Séamus Cróin agus ní rabh fear ar bith a raibh súil comh maith aige ar ghunna le Aodh Bán. "Mór" an t-ainm a bhí ar an ghunna a bhí ag Aodh Bán. "Mór" an t-ainm laidin atá ar...(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Ainmneacha eile
- Niall Ó Domhnaill
- Niall (Séimisín) Ó Domhnaill (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall