Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Iníonacha Rí an Domhain Thiar agus Mic Rí an Domhain Thoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    de'n airgead. Lean sé daobhtha go dtainic siad go dtí loch. Bhí dhá bhád déag ag an chéidh agus bhí buachaill óg in gach bád acu. Chuaidh bean de na cailíní isteach in gach bád agus chuaidh an fear bocht isteacht sa bhád leis an bhean a b'óige. Bhí an clóca ar an fhear i rith an ama agus ní fhacaidh duine ar bith é.
    Nuair a shroich siad an taobh eile de'n loch bhí dhá chapall déag ag feitheamh leo annsin. Chuaidh cailín agus buachaill ar dhruim gach capaill. Chuaidh an fear bocht ar chúl na mná óige. Nuair a shroich siad ceann cúrsa chuaidh siad isteach i gcaisleán dheas. Ar ghabhail isteach dóibh bhí tábla mór bídh agus dighe leagtha rompa. Shuidh an t-iomlán thart agus d'ith siad agus d'ól siad a sáith. Annsin réidhtigh siad an teach fá choinne dreas damhsa a bheith acu. Thoisigh an samhsa agus mhair siad ag damhsa gur ghlan an lá agus go rabh na bróga agus an t-éadach uilig caite acu. Idir an dá am ghoid an fear óg cupa óir a rabh an bhean a b'óige ag ól as.
    Nuair a thainic breacadh an lae agus nuair a bhí siad tuirseach ag damhsa thug siad a n-aghaidh ar an bhaile. Chuaidh siad ar shruim na gcapall agus bhog leo go dtí bruach na locha. Bhí na bádaí ar ancoire annsin. Chuaidh cailín agus buachaill isteach in gach bád agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0306: The Danced‑out Shoes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    90
    Seoladh
    Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall