Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)22. Is réidh agaibh stiall de chroiceann duine eile
23. Is maith an t-anlann an t-ocras
24. Tuigeann fear léighinn leath-fhocal.
25. Na díol do chearc lá fluich
26. Is fada ó'n chroich an céirín
27. An té bhíos buadhartha bíonn sé ag bogadaigh.
28. Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailne óga.
29. Thig achan rud le na iomrádh ach an madadh ruadh is an marbhannach.
30. GAch éan mar a oiltear é.
31. Ná cunntas do éilín go dtaraidh siad amach.
32. Níl maith a bheith ag cainnt ar an bhainne nuair atá sé dóirte.
33. Is doiligh comrádaidhe a fhagháil do'n té a shiubhlas leis féin.
34. Na taobhadh a choidhche leis an chat a íosas a phísin féin.
35. Is bocht an teach gan bean toighe.
36. Na caith amach an tsean scuab go dtaraidh an ceann úr isteach
37. Fan leis an chabhair go bhfágaidh tú í.
38. Goidé an mhaith séadpán agus poll air.
39. Éist le fuaim na h-abhann agus ghiobhaidh tú breac.
40. Is mairg a bhéadh olc agus bocht na dhiaidh
41. Tarann uaineadh agus uair ar an bharra.
42. I bhfathach leis féin a gníodhas an cat crudán.
43. Is fada an ród nach bhfuil casadh ann.
44. Is fearr rith maith na droch sheasamh(leanann ar an chéad leathanach eile)