Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 154
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    10. Tobar beag fíor uisce i lár an bhaile seo agus ceithre chorc ann ( Úth bó)
    11. Máthair gnoitheach, athair fallsa, dhá chloigeann deag de pháistí beaga dubha agus aghaidh ghlas agus urlár salach
    (Clog)
    12.Tá baraille ann agus bíonn sé lán feola achan lá ach Dia Domhnaigh ( Méaracán)
    13.Thuit sí, thuit sí taobh amuigh den chlaidhe, thuit sí, thuit sí taoibh istigh den chlaidhe; mura mbainfidh tusa do thuit sí, thuit sí ní bhainfidh thuit sí thuit sí duit.
    (Cúlfáith)
    14.Chuaidh fear suas an bealach mór agus thug sé leis an bealach mór ar a dhroim. ( Dréimire)
    15.Chuaidh sé anonn ar bhinde binde- tháinig sé anall ar bhinde binde.
    (Roithleán; spool)
    16.Tá sé amuigh agus istigh agus níl sé istigh nó amuigh. ( Gloine fuinneoige)
    17.Goidé mar rachfá seacht míle ó bhaile agus d'aghaidh a bheith ar an bhaile ag imtheacht duit agus do chúl a bheith leis an bhaile ag teacht duit.
    ( Ag iomrádh i mbád)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge