Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 158
- XML “Seanchainteanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)10. Naoidhean a thig ar an tsaoghal agus a bhéal faoi deirtear gur báthadh an bás atá i ndán dó.11. An naoidhneán a thig ar an tsaoghal agus bearad sona air béidh ádh air a choidhche ach an bearad a thaisceadh.12. Is ceart do leanbh caoineadh agus sgreadaigh nuair a theidheas uisce an bháiste air. Mar gcaoinidh sé deir siad nár díbriú an diabhal as nuair a baisteadh é13.Má gnidhthear barraidheacht amhairc ar teachran beag dóigheamhail go mb'fhéidir go ndéan faidhe droch amharc air. Ba ceart a rádh "beannughadh air"14. Naoidhnean a thiocfas ar an tsaoghal agus a gheabhas braon sáile ar an chead bhiadh nach h-eagal a bhaitheadh a choidhche.15. Má chuirtear bonn airgid ghil i nláimh naoidhneain nuair a thiocfas sé ar an tsaoghal béidh ádh an airgid a choidhche air.16. Má chuirtear cnámh i nláimh leinbh ar theacht un tsaoghal beidh leigheas an léinta aige.17. An páiste nach bhfacaidh a athair ariamh beidh leigheas salachar béil aige.18. Ní ceart do bhean a bheith ag feadalaigh mar caitheamh..(leanann ar an chéad leathanach eile)