Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dtús mí na Bealtaine d'éirigh sé, d'fhág slán ag na mhuinntir agus d'imthigh leis. Shiubhail sé leis de choisidheacht, mar nach rabh athrach le déanamh aige, amach Bun an Earragail, soir cuid lúbthach Mín a Droighinn, ag tarraingt ar Leitir Ceannainn. Idir tuirse agus cumhaidh agus buaidhreadh intinne bhain sé Doire amach briste brúighte brónach. San am sin ní rabh trioblóid ar bith le ghabhail 'un Oileáin Úir mar atá anois. Ní rabh agar ach a ghabhail ar bhord luinge, do phadóid a dhíol agus i gcionn cupla seachtmhain bhí tú ar talaimh an Óileain Úir. Ghlac sé trí seachtmhainí an bád a ghabhail trasna agus nuair a fuair sé é féin ar an taobh eile ní rabh móran airgid ar thóin a phóca. Mar sin féin d'fhág sé é féin agus muinighin Dé agus shiubhail leis a chuartú oibre. Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh teach beag de ar taoibh an bhealaigh mhóir agus dar leis go rachadh sé isteach go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé fascadh an toighe go maidin mar bhí an oidhche ag teacht agus gan an dara teach ar a amharc nó ar a éisteacht. Nuair a bhuail sé ar an doras tháinic sean bhean amach agus d'iarr air theacht isteacht. Chuaidh sé isteach go lúthgháireach agus shuidh sé ar chathaoir sa chlúdaigh mar h-iarradh air. Chuir sí ceist air i mBéarla agus cé'n tír a d'fhág sé. Thug sé freagra uirthi i nGaedhilg agus dubhairt sé gur de Éirinn. Nuair a chualaidh sí seo chraith sí lámh leis agus d'fhiafruigh de cé'n áit i nÉirinn agus dubhairt sé gur as Ceann Dubhrann na nDumhachan Bán. "Sin an áit chéadhna ar.....(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Domhnall (Donnchadh) Ó Domhnaill
- Ainmneacha eile
- Domhnall (Donnchadh) Ó Domhnaill
- Domhnall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall