Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i ndeas dóbhtha agus tharraing siad air go bhfaghadh siad foscadh na h-oidhche. Ni rabh ann ach bóthóg fhód agus bhí an doras com h-íseal go mb'éigin bóbhtha dul ar a gceithre buin le fágháil isteach. Ní rabh istigh rompa ach seanduine agus dubhairt sé nach rabh áit fá na gcoinne. Dubhairt na fir mhóra nach rabh siad ag gabhail amach go maidin. Ní bhéadh sibh i bhfad ag gabhail amach go mbéadh fhios agaibh goidé tá istigh romhaibh, ar an seanduine. Ní rabh de sin ach sin. Shuidh na fir thart agus chuaidh siad a chómhrádh. Bhí an t-uan óg ag gabhail thart ins an bhealach agus ni rabh suaimhneas le faghail acu uaidh. Fá deireadh d'fhiafruigh fonn dé'n tseanduine caidé ba chiall do'n uan a bheith scaoilte ar fud an toighe. "Má's olc leat é bheith scaoilte" ar seisean "ceangail é". "Éirigh a Ghoill" arsa Fionn "agus cuir an t-uan sa nasc". D'éirigh an fear mór de léim na seasamh, bheir greim droma ar an uan le na láimh. Scaith an t-uan an greim agus d'imthigh sé leis fríd an teach. Bheir an fear mór airist air le na dhá láimh ach scaith an t-uan a ghreim aríst. Thug an fear mór an tríomhadh iarraidh go fealltach ach ba mhaith an mhaisc dó'n uan é. Dhruid sé leis, thug iarraihd amháin air agus d'fhág sínte ar chlár chúl a chinn é sa teinidh. D'éirigh an fear mór go faiteach mí-shásta agus shuidh síos. D'amharc na fir ar a chéíle agus níor labhair siad ar feadg tamaill. Bhí cailín óg na suidhe thoir i gclúdaigh na mónadh. Bhí Fionn na shuidhe sa chlúdaigh eile agus é ag...(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheal Mac Grianna
- Ainmneacha eile
- Micheal Mac Grianna
- Micheal (Seáinín) Mac Grianna (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall