Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 2
- XML “Teann, Teann, a Ribe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Teann, teann, a ribe" ar sise "agus bain an ceann de'n bhréidín". Theann an ribe ar mhuineal an chú agus stiall sí an teann de. "Cuidiú, cuidiú, a sheabhaic" ar seisean. "Teann, teann a ribe" ar sise "agus bain an ceann de'n bhréidín".Bhain an ribe an ceann de'n tseabhac. "Cuidiú, cuidiú, a each" ar seisean. "Teann, teann, a ribe" ar sise "agus bain an ceann dé'n bhréidin". Bhain an ribe an ceann de'n each. Annsin bhuail an tsean-chailleach buille de shlait draoidheachta ar Aodh agus rinn sí carraic chloiche de. Nuair a d'éirigh Seán agus Pádraic ar maidin lá ar na bhárach bhí an abhainn comh dearg le fuil. Dubhairt Seán go gcaithfeadh seisean imtheacht anois agus dá dtiocfadh a dhath air go n-éireochadh an abhainn dearg agus annsin go mbéadh an t-am ag Pádraic imtheacht. D'imthigh Seán leis, a chú le na chois, a sheabhac ar a bhois agus a each faoi na thóin. Cé an áit ar casadh an oidhche sin é ach ag an chaileach chéadhna a rabh Aodh aici an oidhche roimhe sin. Rinn sí an cleas céadna le Seán adhus le na chuid eachraí. Nuair a d'éirigh Pádraic ar maidin lá ar na bhárach bhí an abhainn comh dearg le fuil. D'imthigh leis, a chú le na chois, a sheabhac ar a bhois, agus a each faoi na thóin agus cé an áit ar casadh an oidhche sin é ach ag an tsean chailleach chéadhna. Thug sí trí ribe dó agus d'iarr sí air na h-eachraí a cheangail ach chaith sé na trí ribe sa teinidh agus cheangail sé iad le trí shifín cocháin. Níor bhfada go dtug an t-sean chailleach iarraidh air agus d'éirigh sí ró-láidir aige. "Cuidiú, cuidiú a chú"(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall