Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 34
- XML “Iníon an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhaile as tí i bhfad ar shiubhal agus bhí na mílte munnt leis. Cheannuigh sé an teach,an talaimh agus eallach do'n stóchach arais. Chuaidh an stóchach agus a bhean a chomhnuidhe ann.
Lá amháin chuaidh sé go baile cuain agus casadh captaoin soithigh air. Nuair a bhí sé tamall ag cainnt leis an chaptaoin thoisigh siad a chainnt ar ghealltaí. Dubhairt an captaoin leis go mbuailfeadh sé an soitheach leis go dtiocfadh leis a bhean a mhealladh uaidh. Dubhairt an stócach go mbuailfeadh sé céad punnta leis nach meallfadh. Cuireadh na gealltaí agus d'iarr an capaoin ar an stóchach an bád a choimhead go dtiocfadh seisean arais.
D'imthigh sé leis go teach an stócaidh. Bhí seanbhean agus a ingin ar fastódh ag ingean ar ríogh. Labhair an captaoin leis an tseanmhnaoi agus d'innnis sé díthe fá na gealltaí. Dubhairt an tseanbhean go rabh a ingean féin na luighe ag ingean an ríogh agus má bhí marc ar bith ar an chailín óg go mbéadh fhios ag a ingin-se é fuair an captaoin lóistín ins an teach an oidhche sin.
Ar maidin lá ar na bhárach nuair a d'éirigh an tseanbhean agus a ingean thainic siad fhad leis an captaoin agus d'fhiafruigh seisean dóbhtha an dtiocfadh leo eolas ar bith a thabhairt dó. Dubhairt an cailín go rabh pictúir luchóige ar bhrollach ingean an ríogh agus gur dubhairt sí go dtabharfadha fear póg do'n phictúir achan oidhche ar eagla go dílfeadh sí go rabh sé ag tabhairt fuatha díthe. Dubhairt an captaoin go ndéanfadh sin gnaithe agus d'imthigh sé leis go dtí an soitheach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Baoighill
- Ainmneacha eile
- Micheal Ó Baoighill
- Micheal (Seán) Ó Baoighill (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall