Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé isteach. Níor aithin a mháthair fein é agus níor innis sé ciarbh'é . D'fhiafhruigh sé an bhfuigheadh sé loistín dubhairt an bhean go bhfuigheadh. Fuair sé a chuid tae agus chuaidh sé a luighe. Nuair a chuaidh na mná isteach go teach na dála d'innis siad caidé an chineal stócaigh a casadh ortha agus d'innis siad c'ainm thug sé ar an rud a bhí leis.
D'imthigh ingean an fhir uasail amach agus chuaidh sé go teach an ghárrantóra. D'fhiafruigh sí de fhear an toighe an dtainic stroinnseár ar bith chuca. Dubhairt an bhean go dtainic agus chuir an cailín ceist uirthi an dtiocfadh léithe é a fheiceail. Dubhairt an bhean go rabh sé na luighe agus thaisbean sí an seomra don chailín. Chuaidh an cailín isteach 'un tseomra agus nuair a chonnaic sí an stócach d'aithin sí é. Bhí lúthgháir mhór uirthi agus nuair a chualaidh an mháthair cé a bhí ann shnaidhm sí í féin ins an stócach.
Dubhairt an cailín leis an stócach go rabh sí le pósadh an lá thar na bhárach ach nach bpósadh sí é anois. D'iarr an stócach uirthi ghabhail síos chuig na h-athair agus a rádh go rabh bosca aici agus eochair agus glas dó a rádh gur chaill sí an eochair agus gur cheannuigh sí eochair úr. D'iarr sé uirthi a rádh go bhfuair sí an tsean eochair an tráthnóna sin. D'iarr sé uirthi ceist a chur ar a h-athair cé acu c'fhearr an tsean eochair ná an eochair úr.
Chuaidh an cailín na bhaile agus nuair a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall